|
|
|||||||||||||||||||||||
InterNICHE Co-ordinator
Nick Jukes 42 South Knighton Road Leicester LE2 3LP England Tel/Fax +44 116 2109652 coordinator@interniche.org |
Cad a mhúineann turgnaimh le hainmhithe duit, dar leat? Níl fáth ar bith ann gur chóir ainmhithe a mharú do dhíoscthaí lena n-úsáid i dturgnaimh don oideachas agus don oiliúint. Tá modhanna nua-aoiseacha agus nuálacha gan úsáid dhocharach ainmhithe ar fáil go flúirseach, agus is iad sin na gnáthmhodhanna atá in úsáid ina lán ollscoileanna. Baineann oideachas eiticiúil gan úsáid dhocharach ainmhithe leas as modhanna atá níos éifeachtaí agus níos ábhartha do chuspóirí teagaisc. Tá roinnt féidearthachtaí ar fáil bunaithe ar ardteicneolaíocht ríomhaireachta, ó dhíoscthaí fíorúla agus saotharlanna turgnamhacha ar-an-scáileán, go hionsamhluithe réaltachta fíorúla teicneolaíochta ceannródaíche gnáthamh cliniciúil. Áirítear freisin ar na cúnaimh nua-aoiseacha oiliúna do scileanna cliniciúla agus do chleachtas máinliachta múnlaí micreamháinliachta agus mainicíní an-réadúla le horgánaigh saorga agus meicníochtaí aiseolais. Bunaítear modhanna eile ar féintástáil le mic léinn dheonacha, le spreagadh néaróg/matán le húsáid fhearais thurgnamhaigh atá nasctha le ríomhairí. Is féidir go mbeadh ainmhithe i gceist maidir le hoideachas eiticiúil freisin. Nuair a chabhraíonn mic léinn tréidliachta le comhghleacaithe a bhfuil taithí acu san obair chliniciúil le fíorothair, foghlaimíonn siad raon leathan scileanna cliniciúla, ar a n-áirítear cúram do na hothair agus meas ar an mbeatha – rud nach fíor i gcás na dturgnamh ainmhithe a mhúineann dóibh gur uirlisí iad na hainmhithe ar féidir iad a chur de láimh. Nuair a dhéanann mic léinn bhitheolaíochta staidéar ar ainmhithe ina ngnáthóg nádúrtha le modhanna neamhionraitheacha, foghlaimíonn siad i bhfad níos mó faoi iompar na n-ainmhithe ná mar a mhúinfí dóibh i dturgnamh ar ainmhithe sa tsaotharlann. Agus, go comhthreomhar leis na díoscthaí a dhéantar ag mic léinn leighis ar choirp dhaonna a dheontar, is féidir le mic léinn tréidliachta agus bhitheolaíochta díoscthaí eiticiúla a dhéanamh ar ainmhithe a fuair bás ó ghalar nó ó ghortú. Ní mhúinfidh úsáid ainmhithe maraithe agus turgnamh ainmhithe níos mó do mhic léinn agus d’oiliúnaithe faoi ábhar ná mar a mhúinfí dóibh de thairbhe na modhanna eiticiúla. Is iad na turgnaimh ainmhithe amháin, áfach, a chuireann dearcadh i bhfeidhm ort nach bhfuil tábhacht ag baint le saol na n-ainmhithe. An bhfuilimid ag iarraidh, i ndáiríre, go múinfí do thréidlianna, do thaighdeoirí agus do dhochtúirí gur féidir leas a bhaint as neacha beo lena gcaitheamh i dtraipisí ina dhiaidh. Ar chóir ainmhithe a thabhairt isteach ón bhfiadhúlra, nó a dhúnadh i gcliabháin fhíorbheaga ar feadh a saoil, iad gan a bheith in ann a nádúr a chur in iúl, le críochnú ar an tráidire díosctha nó iad ullmhaithe do thurgnaimh ionraitheacha? Léiríonn staidéir fhoilsithe gur féidir eolas, scileanna agus feasacht eiticiúil a bhaint amach ar shlí níos éifeachtaí trí úsáid chomhrogha mhodhanna forásacha. In áit éigniú a gcreidimh eiticiúil a bheith brúite orthu, is féidir le mic léinn agus le hoiliúnaithe sult a bhaint as timpeallacht fhoghlama níos fearr gan úsáid dhocharach ainmhithe. Tá sé ar do chumas athrú a bhaint amach. Déan teagmháil le InterNICHE le cabhrú le deireadh a chur le húsáid dhocharach na n-ainmhithe. Roghnaigh oideachas eiticiúil!
|
||||||||||||||||||||||
|